Gairmeacha
Eagraíocht dhinimiciúil atá ag fás go tapa is ea an tÚdarás Náisiúnta Iompair. Táimid i mbun roinnt mórthionscadail iontacha a chur chun feidhme faoi láthair. Ina measc sin tá an clár BusConnects, MetroLink, DART+, seirbhísí nua iompair phoiblí, chomh maith leis an teicneolaíocht a thacaíonn leis an gCárta Leap, Faisnéis Fíor-Ama do Phaisinéirí agus an t-aistriú chuig íocaíochtaí gan airgead tirim le haghaidh seirbhísí.
Táimid ag lorg daoine cumasacha díograiseacha chun dul isteach inár bhfoireann de dhaoine proifisiúnta tiomanta chun tionchar a imirt ar thodhchaí iompar poiblí na hÉireann agus an todhchaí sin a sheachadadh.
Is eagraíocht ardghluaiseacht shíorathraitheach atá ag dul i méid í an tÚdarás Náisiúnta Iompair. Táimid páirteach faoi láthair i gcur chun feidhme roinnt tionscadal móra lena n-airítear an Clár BusConnects, MetroLink, DART+, seirbhísí iompar poiblí nua, chomh maith le teicneolaíocht a thacaíonn le Cárta Leap, Eolas Fíor-ama do Phaisinéirí agus an t-athrú chuig íocaíochtaí gan airgead tirim le haghaidh seirbhísí.
Is eagraíocht uileghabhálach í an ÚNI a chuireann réimse leathan sochar fostaíochta ar fáil, mar shampla polasaithe a thugann tacaíocht don fhoireann maidir le cothromaíocht oibre is saoil. Táimid ag earcú daoine cumasacha, tiomanta agus díograiseacha do na poist seo a leanas:
- Bainisteoir Forbartha Bogearraí
- Bainisteoir Tacaíochta Oibríochtaí
- Bainisteoir Feidhmíocht agus Anailís
- Bainisteoir CÚ EÚ Táirge Sinsearach
- Bainisteoir Faisnéise Taistil
- Oifigeach Cosanta Sonraí
- Bainisteoir Tionscadail – Metrolink
- Úinéir Táirge
- Bainisteoir Cúnta Cláir
- Riarthóir Tionscadail – Infheistíocht Iompair
Tá obair dhúshlánach ach tairbheach roimh iarrthóirí rathúla, chomh maith le traenáil den scoth agus deiseanna forbartha.
Chun na leabhráin a íoslódáil, foirmeacha iarratais san áireamh, agus chun tuilleadh a fhoghlaim faoinár sochair fostaíochta, téigh go dtí ár suíomh gréasáin.
Dáta deiridh chun iarratais a fháil: 12pm Dé hAoine 29 Samhain 2024.