Príomhoifigeach Feidhmiúcháin

Tá Bord an Údaráis Náisiúnta Iompair ag iarraidh Príomhoifigeach Feidhmiúcháin (POF) a aimsiú agus a cheapadh

Tá Bord an Údaráis Náisiúnta Iompair ag iarraidh Príomhoifigeach Feidhmiúcháin (POF) a aimsiú agus a cheapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar chlaochlú ghréasán iompair phoiblí na hÉireann go mbeidh caighdeán den chéad scoth air. Oibreoidh an POF, agus eagraíocht de bheagán faoi bhun
400 duine faoina c(h)eannasaíocht, go dlúth le Bord an ÚNI, leis an Aire agus leis an Roinn Iompair chun raon leathan straitéisí agus pleananna iompair a sheachadadh ar fud na hÉireann.

priomhaifigeach Feidhmiúcháin

Ba cheart go dtabharfaidh an tIarrthóir na gnéithe

Ba cheart go dtabharfaidh an tIarrthóir na gnéithe seo a leanas le fios:

  • Taithí shuntasach ag idirghníomhú le páirtithe leasmhara rialtais agus earnála poiblí
  • Cuntas teiste iontach i gceannas ar eagraíochtaí móra, casta, go hidéalach i seirbhísí poiblí, iompar nó tionscal rialáilte
  • Smaointeoireacht straitéiseach, comhoibriú láidir agus scileanna tionchair, leibhéal ard fuinnimh, díograis, treallúis, féinfheasachta, éifeachtacht phearsanta, ionbhá, athléimneacht agus solúbthacht.

Is comhlacht reachtúil neamhthráchtála é an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) a oibríonn faoi choimirce Roinn Iompair Rialtas na hÉireann. Baineann téarmaí tagartha an ÚNI go príomha le modhanna iompair inbhuanaithe a phleanáil, a fhorbairt, cistiú a chuir ar fáil dóibh agus a chur chun cinn ag leibhéal náisiúnta.

Tá an t-údarás freagrach as soláthar seirbhísí poiblí iompair ar talamh do phaisinéirí a áirithiú, lena n-áirítear seirbhísí bus, iarnróid agus iarnróid éadroim. Leathnaíonn téarmaí tagartha an ÚNI chomh maith le rialáil seirbhísí bus poiblí tráchtála, chomh maith leis an earnáil feithiclí seirbhíse poiblí beaga agus clampáil feithiclí. Tá freagrachtaí breise ar an údarás laistigh de Mhórcheantar
Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear pleanáil straitéiseach iompair, forbairt gréasáin iompair phoiblí atá comhtháite, a bhfuil rochtain air, taisteal gníomhach a chur chun cinn, agus bainistiú éifeachtach ar thrácht agus ar éileamh iompair.

Is fostóir comhdheiseanna é an ÚNI le tiomantas láidir do chomhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsiú ag gach leibhéal den eagraíocht.

Tuilleadh Eolais

Má tá plé rúnda agus tuilleadh eolais uait, is féidir teagmháil a dhéanamh:
le John Kelly nó le Sally Anne Mehigan ag CEOIJ@SpencerStuart.com.

An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais:
12pm (méan lae) Dé hAoine an 18 Aibreán 2025