An 1 Eanáir 2019, athraíodh na táillí is infheidhme maidir le Ceadúnais chun Seirbhísí Bus Poiblí do Phaisinéirí a sholáthar.
Is nasctha anois leis an líon seirbhísí a sholáthraítear atá na táillí is infheidhme maidir le hiarratais ar cheadúnais.
Bandaí Táillí:
An líon seirbhísí in aghaidh na bliana: | |
Banda A | 1-624 |
Banda B | 625-3,000 |
Banda C | > 3,001 |
Conas an Banda Táillí a ríomh
Ríomhtar an líon seirbhísí in aghaidh na bliana mar a leanas:
- is ionann seirbhís amach agus seirbhís amháin; is ionann seirbhís amach agus fillte agus dhá sheirbhís (feithicil amháin ar a mhéad a bheith á húsáid chun an tseirbhís a sholáthar)
- i gcás go n-oibreoidh seirbhís cuid den bhealach foriomlán nó leagan mearsheirbhíse den bhealach, áireofar iad mar sheirbhís amháin.
- i gcás go mbeidh seirbhísí forlíontacha ceadúnaithe ag an tseirbhís, áireofar iad mar 0.5 de sheirbhís (chun a chur san áireamh go bhféadfadh nach n-oibreodh siad).
- i gcás nach n-oibreoidh seirbhís ach ar feadh an téarma coláiste, áireofar an tseirbhís a bheith ag oibriú ar feadh 35 seachtaine sa bhliain, chun laethanta saoire coláiste, sosanna agus an mhinicíocht níos ísle a theastaíonn le haghaidh scrúduithe, i measc nithe eile, a chur san áireamh.
Táillí de réir catagóir ceadúnais:
Ceadúnas Seirbhísí Rialta | Banda A | Banda B | Banda C | |
Iarratas | €100 | €100 | €100 | |
Eisiúint Ceadúnais | €200 | €400 | €800 | |
Leasú | €50 | €100 | €200 | |
Aistriú | €50 | €100 | €200 | |
Táille Athnuachana | €300 | €500 | €900 | |
Ceadúnas Seirbhísí Spriocdhírithe Sonracha | Banda A | Banda B | Banda C | |
Iarratas | €100 | €100 | €100 | |
Eisiúint Ceadúnais | €200 | €400 | €800 | |
Leasú | €50 | €100 | €200 | |
Aistriú | €50 | €100 | €200 | |
Táille Athnuachana | €300 | €500 | €900 | |
Ceadúnais atá Sonrach don Ócáid / don Ionad | Banda A | Banda B | Banda C |
Iarratas | €50 | €50 | €50 |
Eisiúint Ceadúnais | 0 | 0 | 0 |
Ceadúnas Seirbhísí Sealadacha | Banda A | Banda B | Banda C |
Iarratas | €100 | €100 | €100 |
Eisiúint Ceadúnais | 0 | 0 | 0 |
Ceadúnas Seirbhísí atá ag Freagairt don Éileamh | Banda A | Banda B | Banda C |
Iarratas | €100 | €100 | €100 |
Eisiúint Ceadúnais | €200 | €400 | €800 |
Leasú | €50 | €100 | €200 |
Aistriú | €50 | €100 | €200 |
Táille Athnuachana | €300 | €500 | €900 |
Táillí ar Údaruithe Idirnáisiúnta:
Iarratas Nua / Athnuachan Údaraithe Idirnáisiúnta atá ann cheana | |
€ | |
Táille Iarratais Bhunúsaigh | 35.55 |
Táillí breise: le híoc i leith gach tíre a bhfuil sé beartaithe iad a thrasnú san iompar in iarratas den sórt sin Ní bhaineann sé sin le hábhar i gcás taisteal chuig an Ríocht Aontaithe amháin (Tuaisceart Éireann san áireamh) |
3.81 |
Táillí nach mbeidh le híoc ach amháin i gcás go nDeonófar Údarú Idirnáisiúnta | |
€ | |
Ar Údarú Idirnáisiúnta a dheonú | 10.16 |
Le híoc as gach bliain, nó aon chuid di, atá an tÚdarú Idirnáisiúnta bailí (cúig bliana ar a mhéad: €82.55) | 16.51 in aghaidh na bliana |
Gach cóip dhílis dheimhnithe | 2.54 |
Iarratas ar Údarú Idirnáisiúnta atá ann cheana agus iarratas ar athrú ar Údarú Idirnáisiúnta atá ann cheana a dheonú | |
€ | |
Iarratas ar Údarú Idirnáisiúnta atá ann cheana agus iarratas ar athrú ar Údarú Idirnáisiúnta atá ann cheana a dheonú | 16.51 |
Gach cóip dhílis dheimhnithe | 2.54 |
Modhanna Íocaíochta:
Is féidir íocaíocht a dhéanamh ach seic nó ordú poist atá déanta amach leis an Údarás Náisiúnta Iompair a sheoladh chuig an seoladh seo:
An tÚdarás Náisiúnta Iompair
An Rannóg um Rialáil Iompair Phoiblí
Dún Scéine
Cúirt Uíbh Eachach
Lána Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 WT20
Más mian leat íocaíocht a dhéanamh ach Ríomhaistriú Airgid (RAA) a úsáid, is mar a leanas atá na sonraí a theastaíonn:
Ainm an Chuntais: An tÚdarás Náisiúnta Iompair – Ioncam Ceadúnú Bus
Uimh. Chuntais: 22535803
Cód Sórtála: 93-10-12
IBAN: IE24 AIBK 9310 1222 5358 03
Cód Swift: AIB KIE 2D
Nuair atá íocaíochtaí RAA á ndéanamh acu leis an gcuntas bainc Ceadúnú Bus de chuid an Údaráis Náisiúnta Iompair, ní mór d’iarratasóirí a n-ainm nó tagairt in-sainaitheanta a lua agus an tagairt sin a sheoladh le ríomhphost chuig buslicensing@nationaltransport.ie
Ní féidir leis an Údarás glacadh le haon íocaíochtaí airgid thirim.