Cuireann Nasc Áitiúil TFI Dún na nGall Sligeach Liatroim feabhas ar sheirbhísí idir An Fál Carrach agus An Clochán

Beidh Slí 966 comhcheangailte le Slite reatha 966 agus 992

14 October 2024

Tá Nasc Áitiúil TFI Dún na nGall Sligeach Liatroim ag cur feabhas ar sheirbhísí bus idir An Fál Carrach agus An Clochán Liath le héifeacht ón Luan 14 Deireadh Fómhair.

Connecting Ireland Logo (300x154)Plean Soghluaisteachta Tuaithe Connecting Ireland

Is cuid den Phlean Soghluaisteachta Tuaithe Connecting Ireland, mórthionscnamh náisiúnta iompair poiblí atá forbartha agus maoinithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) faoi líonra Transport for Ireland (TFI), é an feabhsúchán seo.

Ag comhcheangail slite reatha 966 agus 992

Beidh an Slí feabhsaithe 966 comhcheangailte le Slite reatha 966 agus 992, ag cur ceangail níos fearr ar fáil don Fhál Carrach, Doirí Beaga, Croithlí, Aerfort Dhún na nGall, Ailt an Chorráin, agus An Clochán Liath.

Beidh cúig sheirbhís ar ais laethúil anois ag Slí 966 Dé Luain go Dé Domhnaigh. Cuireann an nuashonrú seo seirbhísí buaic-ama agus oíche nua ar fáil, le tuilleadh minicíochta chun feabhas a chur ar cheangail le seirbhísí bád farantóireachta go dtí Toraigh agus Árainn Mhór, ceangail bus eile lena n-airítear Slí 971 agus eitiltí go dtí Baile Átha Cliath ó Aerfort Dhún na nGall.

Freastalaíonn Slí 966 ar shráidbhailte agus ar cheantair thábhachtacha lena n-airítear An Fál Carrach, Gort an Choirce, Machaire Uí Rabhartaigh, Bun na Leaca, agus Croithlí, agus araile.

Ceangail níos fearr le seirbhísí bád farantóireachta, Aerfort Dhún na nGall agus seirbhísí Nasc Áitiúil TFI eile

Agus í ag labhairt roimh an seoladh, dúirt Bainisteoir Ginearálta Nasc Áitiúil TFI Dún na nGall Sligeach Liatroim, Fiona O’Shea:

“Ar Bhealach 966, atá ag feidhmiú le roinnt mhaith blianta, beidh seirbhísí níos minice ann i rith an lae anois in éineacht le seirbhísí um thráthnóna a mbeidh na pobail áitiúla feadh an bhealaigh an-sásta leo.  Leanann an tseirbhís seo ag cur rochtana ar fáil do mhuintir na háite ar chúrsaí oideachais, fostaíochta, sláinte, ar dheiseanna sóisialta agus caitheamh aimsire agus le taisteal ar aghaidh ó go luath ar maidin go dtí go déanach um thráthnóna. “

Chun eolas a fháil ar shlite nó ar chláir ama, glaoigh ar 074 9741644 nó téigh go dtí www.locallinkdsl.ie

Chun tuilleadh a fhoghlaim ar Phlean Soghluaisteachta Iompair cúig bliana Connecting Ireland, téigh go dtí: www.nationaltransport.ie/connecting-ireland/