Feabhsaítear seirbhísí bus ó Dhaingean Uí Chúis go Cill Airne le Nasc Áitiúil TFI Chiarraí

Tá seirbhísí bus á bhfeabhsú ag Nasc Áitiúil TFI Chiarraí ó Dhaingean Uí Chúis go Cill Airne ó Dé Luain an 3ú Meitheamh.

24 May 2024

Connecting Ireland Logo (300x154)Tá seirbhísí bus á bhfeabhsú ag Nasc Áitiúil TFI Chiarraí ó Dhaingean Uí Chúis go Cill Airne ó Dé Luain an 3ú Meitheamh.

Tá an feabhsúchán sin ina chuid de Phlean Soghluaisteachta Tuaithe Connecting Ireland, atá ina mhórthionscnamh náisiúnta iompair phoiblí arna fhorbairt agus arna mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) mar chuid de Líonra Transport for Ireland (TFI).

Bealach 276

Déanfar Bealach 276 a shíneadh ó Chaisleán na Mainge go Cill Airne. Oibreofar trí sheirbhís fhillte laethúla leis an tseirbhís fheabhsaithe ó Luan go Domhnach agus cuirfear seirbhísí buaic-ama agus tráthnóna nua ar fáil. Leis an mbealach, feabhsófar nascacht le sráidbhailte agus le ceantair amhail Lios Póil, Abhainn an Scáil, Inse, Baile Uí Earcáin, Na Buailtíní, Caisleán na Mainge, Baile an Mhuilinn, Lios Treighe, Faiche agus An Fosadh agus cuirfear nascacht fheabhsaithe ar fáil le seirbhísí bus réigiúnacha chun taisteal ar aghaidh a éascú.

Le ceantair Lios Póil, Abhainn an Scáil, Inse, Baile Uí Earcáin, Na Buailtíní, Caisleán na Mainge, Baile an Mhuilinn, Lios Treighe, Faiche agus An Fosadh

Ag labhairt dó roimh an seoladh, dúirt Alan O’Connell, Bainisteoir Ginearálta Nasc Áitiúil TFI:I gcomhpháirtíocht leis an ÚNI tá lúcháir orainn chun Bealach 276 a shíneadh chuig Cill Airne.  Nascfar dhá bhaile íocónacha trí sheirbhísí bus iompair phoiblí rialta, rud atá ina spreagadh mór do chónaitheoirí áitiúla agus do thurasóirí.

“Tacófar ní amháin le turasóireacht leis an tseirbhís fheabhsaithe seo ach déanfar an geilleagar áitiúil a neartú léi freisin trí rochtain níos fearr ar shráidbhailte na hInse, Chaisleán na Mainge, Bhaile an Mhuilinn, Lios Treighe agus na Faiche a chur ar fáil do chónaitheoirí, agus bealach áisiúil, cost-éifeachtúil, agus éiceabhách chun taisteal á sholáthar trí bhusanna rialta seacht lá sa tseachtain.

“Beidh an tairbhe bhreise ag paisinéirí de shult a bhaint as na tírdhreacha iontacha a bhíonn le feiceáil ar an Inse gan strus na tiomána.

“Is céim ríthábhachtach é iompar poiblí i dtreo fhorbairt inbhuanaithe na tuaithe, ár lorg carbóin a laghdú agus nascacht fheabhsaithe a chinntiú do chónaitheoirí uile.

Tuilleadh eolais

Chun faisnéis a fhail maidir le bealaí nó amchláir, tabhair cuairt ar www.locallinkkerry.ie

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Phlean Soghluaisteachta Tuaithe cúig bliana Connecting Ireland tabhair cuairt ar: www.nationaltransport.ie/connecting-ireland/