Tá méadú 40% ar bhordáil paisinéirí i gceantair i mBaile Átha Cliath ina bhfuil an líonra nua BusConnects curtha i bhfeidhm i gcomparáid leis an gcuid eile den líonra, de réir tuarascála a d’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair inniu (ÚNI).
Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn BusConnects Bhaile Átha Cliath
Áiríodh na figiúirí i dTuarascáil ar Dhul Chun Cinn BusConnects Bhaile Átha Cliath Feabhra 2025, tuarascáil dhébhliantúil a cuireadh le chéile do Choiste Cuntas Poiblí an Oireachtais. Soláthraíonn an tuarascáil méadracht mhionsonraithe a léiríonn dul chun cinn na dtionscnamh atá á gcur i bhfeidhm faoin gClár BusConnects.
110 Bus Leictreach
Áirítear na nithe seo a leanas leis an dul chun cinn:
- Méadú 12% ar áiteanna fostaíochta atá insroichte anois laistigh de 30 nóiméad
- 110 bus leictreach lán-oibríochta, rud a shábháil 1900 tonna d’astaíochtaí CO2
- Baineadh úsáid as táille 90 nóiméad beagnach 30 milliún uair ag paisinéirí bus in 2024
- Fuair 11 de 12 Chonairí Bus Lárnacha (scéimeanna CBL) cead pleanála ón mBord Pleanála
Conairí Bus Lárnacha (CBL)
Is éard atá i gceist leis an Tionscadal CBL ná bonneagar tosaíochta bus leanúnach a fhorbairt agus áiseanna feabhsaithe do choisithe agus do rothaithe ar chonairí lárnacha gathacha ar fud réigiún Bhaile Átha Cliath. Cuimsíonn an Tionscadal CBL seachadadh thart ar 230 ciliméadar de lánaí bus tiomnaithe agus 200 ciliméadar de raonta rothar i 12 scéim ar leith thar cúig limistéar údaráis áitiúil.
Tá cead pleanála tugtha ag an mBord Pleanála d’aon cheann déag de na scéimeanna sin agus tá fócas na gníomhaíochta anois ag bogadh go dtí an chéim tógála don chéad dá scéim. Tá creat conraitheoirí á mbunú faoi láthair ag an ÚNI chun na scéimeanna a thógáil, leis an soláthar don chéad dá scéim ar siúl cheana féin.
Athdhearadh Líonra (ADL)
Is infheistíocht mhór é an líonra athdheartha i seirbhísí feabhsaithe bus, ag seachadadh méadú 35% ar chiliméadair seirbhíse sceidealaithe bliantúla i gcomparáid leis an seanlíonra. Áirítear leis seo méadú suntasach ar acmhainn agus ar mhinicíocht iomlán do chustaiméirí le níos mó seirbhísí tráthnóna agus deireadh seachtaine. Chomh maith leis seo, tá naoi mbealach nua 24 uair an chloig seolta go dtí seo mar chuid den ADL.
Suas go dtí deireadh 2024, tháinig méadú 48% ar líon na bpaisinéirí i gceantair ina bhfuil an gréasán nua curtha i bhfeidhm, i gcomparáid le méadú 8% a chonacthas sa chuid eile den líonra.
Léirítear i dtuarascáil an lae inniu go bhfuil roinnt feabhsuithe ar phoncúlacht agus ar iontaofacht mar thoradh ar ADL, cé go gcuirfear feabhas breise ar an méadaracht sin trí thosaíocht bus a thabhairt isteach feadh na gConairí Bus Lárnacha agus an córas ticéadaithe nua.
Aistriú chuig astaíochtaí nialasacha
Go dtí seo, tá 110 bus leictreach tugtha isteach i seirbhís ag BusConnects, le hacmhainn luchtaithe i bhfeidhm in iostaí Chnoc an tSamhraidh agus Baile Phib. San iomlán, chlúdaigh an flít busanna leictreacha beagnach 2 mhilliún ciliméadar in 2024. Mar thoradh air sin seachnaíodh thart ar 1,900 tonna d’astuithe CO2, i gcomparáid le hastuithe busanna díosail a bhíodh ag taisteal an t-achar céanna. Beidh ról suntasach ag laghdú astaíochtaí CO2 maidir le hiarrachtaí dícharbónaithe an iompair phoiblí a chur chun cinn, ag teacht le spriocanna an Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide.
Soláthraíonn Clár BusConnects Bhaile Átha Cliath buntáistí suntasacha do phaisinéirí
Dúirt POF Eatramhach ÚNI Hugh Creegan: “Tá seachadadh BusConnects ina phríomhchuid de Straitéis Iompair an ÚNI do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, 2022-2042 agus in éineacht le DART+, MetroLink agus infheistíocht i línte nua Luas.
“Is ábhar misnigh dúinn an méadú ar líon na bpaisinéirí a fheiceáil agus is comhartha soiléir é go bhfuil baill den phobal taistil ag freagairt go dearfach do na leibhéil fheabhsaithe seirbhíse agus do nascacht níos fearr a chuireann BusConnects ar fáil.
“Cuireadh buntáistí suntasacha ar fáil cheana féin le Clár BusConnects Bhaile Átha Cliath, ach tá níos mó le déanamh. Má thugtar isteach tosaíocht do bhusanna feadh na gConairí Bus Lárnacha agus an córas ticéadaithe nua, giorrófar amanna turais, agus cuirfear feabhas ar phoncúlacht agus ar iontaofacht, agus beidh taisteal ar bhus ina rogha níos tarraingtí fós.”
Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn Chlár Bhaile Átha Cliath Márta 2025 BusConnects