Nasc Áitiúil TFI le seirbhís nua bealach 439 a thabhairt isteach idir Gaillimh agus Baile Locha Riach

Ón 23 Nollaig, tabharfaidh Nasc Áitiúil TFI Gaillimh isteach seirbhís bus nua idir Gaillimh agus Baile Locha Riach.

20 December 2024

Nascacht ar fáil d’Ardeaglais na Gaillimhe, an Fhaiche Mhór, The G Hotel, ATU Cathair na Gaillimhe agus Lárionad Órán Mór

Ón 23 Nollaig, tabharfaidh Nasc Áitiúil TFI Gaillimh isteach seirbhís bus nua idir Gaillimh agus Baile Locha Riach.

Connecting Ireland Logo (300x154)Tá an bealach nua seo mar chuid den Phlean Soghluaisteachta Tuaithe um Éire a Nascadh ar mórthionscnamh náisiúnta iompair phoiblí é arna fhorbairt agus arna mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) mar chuid de Transport for Ireland (TFI).

Eire a Nascadh connecting Irish bannner

Feidhmeoidh Bealach 439 trí sheirbhís tráthnóna ó Luan go Domhnach lena n-áirítear laethanta saoire poiblí. Cuirfidh an bealach nascacht ar fáil d’Ardeaglais na Gaillimhe, an Fhaiche Mhór, The G Hotel, ATU Cathair na Gaillimhe agus Lárionad Órán Mór chomh maith le nascacht fheabhsaithe do shráidbhailte agus ceantair Órán Mór, Crosaire Dhoire Uí Dhónaill, Creachmhaoil, Bóthar Bhaile Átha an Rí agus Baile Locha Riach.

Nascacht fheabhsaithe do ceantair Órán Mór, Crosaire Dhoire Uí Dhónaill, Creachmhaoil, Bóthar Bhaile Átha an Rí agus Baile Locha Riach

Ag labhairt dó roimh an seoladh, dúirt Bainisteoir Ginearálta Nasc Áitiúil TFI Gaillimh Joe Greally: “Tá lúcháir ar Nasc Áitiúil TFI Gaillimh an nasc ríthábhachtach seo a sholáthar idir Cathair na Gaillimhe agus Baile Locha Riach. Faoi láthair níl aon nasc tráthnóna/oíche go Baile Locha Riach ó Chathair na Gaillimhe. Soláthróidh an tseirbhís nua seo nasc iompair poiblí ríthábhachtach do mhic léinn, d’oibrithe agus don ghnáthphobal taistil. Feabhsóidh 3 sheirbhís nasctha saol na ndaoine a chónaíonn feadh an bhealaigh agus cuirfear rogha inmharthana ar fáil don charr príobháideach.

Tuilleadh Eolais:

Chun eolas a fháil ar bhealaí agus ar amchláir cuir glaoch ar (091) 842 384 nó tabhair cuairt ar www.locallinkgalway.ie

Chun tuilleadh a fhoghlaim, téigh go dtí Phlean Soghluaisteachta Iompair cúig bliana Connecting Ireland.

TFI-LL nasc -IRISH-Logo