Nochtann an tAire Iompair, ÚNI agus Bus Átha Cliath bonneagar luchtaithe busanna leictreacha

Is cuid lárnach de Chlár BusConnects í an fhorbairt seo.

19 November 2023

19 Samhain 2023

Luchtú busanna leictreacha a éascú in Iosta Bhus Átha Cliath

Cuireadh i gcrích bonneagar a chur isteach a éascóidh luchtú busanna leictreacha in Iosta Chnoc an tSamhraidh Bhus Átha Cliath i mBaile Átha Cliath agus beidh sé go hiomlán i bhfeidhm an tseachtain seo. Tá na céad bhusanna leictreacha glasa nua a luchtaíodh le húsáid a bhaint as an mbonneagar nua ag dul i mbun seirbhís paisinéara iomlán anois.

Cumas an luchtaire 56 bus leictreach a athluchtú

Tá luchtairí leis an gcumas 56 bus leictreach a athluchtú ag feidhmiú anois ag an iosta, mar chuid de chur i bhfeidhm pleanáilte céimnithe na mbusanna leictreacha atá ar siúl faoi láthair.

Nocht an tAire Iompair Eamon Ryan, an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) agus Bus Átha Cliath an bonneagar luchtaithe nua inniu ag an Iosta, a bheidh mar cheann amháin de dhá mhol le haghaidh flít glas nua na cathrach.

Iosta Chnoc an tSamhraidh Bhus Átha Cliath agus Iosta Bhaile Phib

Is é Baile Phib an t-iosta eile, áit a gcuirfear bonneagar luchtaithe i gcrích faoi dheireadh mhí na Nollag agus an cumas aige 80 bus leictreach eile a athluchtú. Le chéile, tacóidh an dá iosta le 136 bus leictreach ar a laghad, a chabhróidh leis an atmaisféar a dhéanamh níos glaine, níos ciúine agus níos inbhuanaithe sa chathair.

Le cúpla seachtain anuas, tá busanna leictreacha dhá urlár nua ag feidhmiú ar shlite áirithe Bhus Átha Cliath, lena n-áirítear 122 agus 123, agus tá clár tástála, píolótach agus oiliúna curtha i gcrích leis na busanna nua ag os cionn 360 tiománaí le cúpla mí anuas. Beidh tuilleadh busanna mar seo ag feidhmiú anois agus an bonneagar luchtaithe curtha i gcrích.

Is ionann an méid iomlán atá i seirbhís nó atá ordaithe agus 341 bus.

D’ordaigh ÚNI 120 bus leictreach dhá urlár ar dtús sa bhliain 2022, ó dhéantóir Wrightbus i mBaile Méanach, Co. Aontroma, agus beidh 100 díobh á bhfeidhmiú ag Bus Átha Cliath.  Cuireadh orduithe eile isteach le haghaidh 221 bus eile, agus beidh 120 díobh ag feidhmiú i mBaile Átha Cliath. Is ionann an méid iomlán atá i seirbhís nó atá ordaithe agus 341 bus.

Cuirfear an flít astaíochtaí nialasacha nua in áit an fhlít díosail níos sine céim ar chéim de réir mar a shroicheann na busanna níos sine deireadh a saolta oibríochta éifeachtúil. I gcás Bhaile Átha Cliath, thosaigh an t-athrú sin agus faoi dheireadh na bliana 2032, táthar ag súil go mbeidh os cionn 85% d’fhlít Bhaile Átha Cliath saor ó astaíochtaí agus mionlach mar bhusanna hibrideacha díosail-leictreacha le hastaíochtaí ísle.  Faoin mbliain 2035, tá sé beartaithe go gcuirfear deireadh leis na busanna hibrideacha sin agus beidh an flít go hiomlán mar fhlít astaíochtaí nialasacha.

Spriocanna feithiclí astaíochtaí nialasacha/ísle á mbaint amach ag ÚNI faoin mbliain 2025

Tá ÚNI ag obair de réir sceidil chun spriocanna feithiclí astaíochtaí nialasacha/ísle a bhaint amach faoin mbliain 2025, atá leagtha amach i bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, Straitéis Iompair Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath (MLBÁC) agus Plean Gníomhaithe an Bheartais Náisiúnta maidir le Soghluaisteacht Inbhuanaithe 2022-2025 a deir:

  • Gníomh 13:50% de sheirbhísí bus Oibleagáid Seirbhíse Poiblí Limistéar Cathrach Bhaile Átha Cliath a athrú go feithiclí astaíochtaí ísle/nialasacha; agus
  • Gníomh 14:40% de sheirbhísí bus Oibleagáid Seirbhíse Poiblí Limistéar Cathrach Chorcaí, na Gaillimhe, Luimnigh agus Phort Láirge a athrú go feithiclí astaíochtaí ísle/nialasacha.

Beidh ár n-aer níos glaine agus ár sráideanna níos ciúine mar gheall air seo

Dúirt an tAire Iompair Eamon Ryan:  “Tá an t-athrú seo á chur i bhfeidhm ag an leictreachas agus tabhairt isteach busanna leictreacha á fheiceáil againn ar shráideanna na bpríomhchathrach agus ansin inár gcathracha agus bailte eile. Bunathrú a bheidh ann dár líonra iompair phoiblí. Beidh ár n-aer níos glaine agus ár sráideanna níos ciúine mar gheall air seo, agus busanna ardchaighdeáin agus iontaofa á gcur ar fáil do dhaoine, agus é ag cabhrú linn ár spriocanna aeráide a bhaint amach don phríomhchathair, agus don tír.

Dúirt POF ÚNI Anne Graham: “Ceiliúrann an lá inniu cloch mhíle thábhachtach maidir lenár bhflít bus a leictriú.

“Táimid go léir ar an eolas faoi thábhacht modhanna iompair níos inbhuanaithe a úsáid.  Leanann ÚNI lena ról a ghlacadh aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus ár bhflít iompair phoiblí á athrú againn ó bhreoslaí iontaise go feithiclí astaíochtaí nialasacha céim ar chéim idir an t-am i láthair agus an bhliain 2035.

Dúirt POF Bhus Átha Cliath Billy Hann:Ceiliúrann an lá inniu tús aistear iontach nua do Bhus Átha Cliath agus don chathair. Cuireann na luchtairí agus busanna leictreacha seo an chéad chéim in iúl maidir le tionscadal ceannródaíoch agus uaillmhianach chun ár n-iostaí agus ár bhflít a leictriú faoin mbliain 2035. Níl ár bhflít amháin á athrú againn; tá an chaoi a mbogann an chathair á athrú againn. Todhchaí níos glaine, níos glaise agus níos ciúine a chruthú do Bhaile Átha Cliath le gach turas.”

Dúirt POF Wrightbus Jean Marc Gales:Is socrú stairiúil é an socrú atá againn le ÚNI agus táimid sásta na céad bhusanna a fheiceáil ag dul i mbun seirbhíse.

“Táimid an-bhródúil as ról suntasach a bheith againn i mianta dícharbónaithe na hÉireann agus beidh ról lárnach ag na busanna seo maidir le hastaíochtaí a laghdú agus caighdeán aeir a fheabhsú.

Minster Eanon Ryan