Seirbhís nua bus seolta ag Nasc Áitiúil TFI Chiarraí a nascann Cé Bhréanainn agus Trá Lí

Tá seirbhís nua bus á seoladh ag Nasc Áitiúil TFI Chiarraí, a chuirfidh feabhas ar nascacht idir Cé Bhréanainn agus Trá Lí, ó Dé Luain an 24 Meitheamh 2024.

14 June 2024

Tá seirbhís nua bus á seoladh ag Nasc Áitiúil TFI Chiarraí, a chuirfidh feabhas ar nascacht idir Cé Bhréanainn agus Trá Lí, ó Dé Luain an 24 Meitheamh 2024.

Tá an bealach nua sin ina chuid de Phlean Soghluaisteachta Tuaithe Éire a Nascadh, ar mór-thionscnamh iompair phoiblí náisiúnta é arna fhorbairt agus arna mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) mar chuid de Líonra Iompair na hÉireann (TFI).

Bealach 273 idir Caisleán Ghriaire agus Trá Lí – Áth an Chaisle, an Campa, an Curraichín, Cathair Uí Mhóráin, an Sráidbhaile, Cill Chuimín agus an Clochán.

Beidh cúig sheirbhís fillte laethúla á bhfeidhmiú ag bealach 273 idir Caisleán Ghriaire agus Trá Lí Luan go Satharn, agus dhá sheirbhís fillte laethúla ag dul go Cé Bhréanainn. Beidh ceithre sheirbhís fillte laethúla á bhfeidhmiú ag an mbealach idir Caisleán Ghriaire agus Trá Lí, agus dhá sheirbhís fillte laethúla ag dul go Cé Bhréanainn.

Cuirfidh an bealach nua seirbhísí bhuaic-ama ar fáil do chomaitéirí agus seirbhís dhéanach tráthnóna Dé hAoine agus Dé Sathairn idir Caisleán Ghriaire agus Trá Lí agus nascacht fheabhsaithe ar fáil do sheirbhísí réigiúnacha bus agus iarnróid agus do shráidbhailte agus do cheantair cuir i gcás Áth an Chaisle, an Campa, an Curraichín, Cathair Uí Mhóráin, an Sráidbhaile, Cill Chuimín agus an Clochán.

Is é bealach 273 an chéad cheann de dhá bhealach, i rolladh amach céimnithe beartaithe an samhradh seo de sheirbhísí nua bus de chuid Nasc Áitiúil TFI chun nascacht a sholáthar do Thrá Lí. Is é bealach 278 an dara bealach atá beartaithe a bheidh ag feidhmiú idir an Fhianait, an Spá agus Trá Lí.

Ag labhairt dó roimh an seoladh, dúirt Alan O’Connell, Bainisteoir Ginearálta Nasc Áitiúil TFI Chiarraí:Is garsprioc shuntasach don phobal é Bealach 273 atá ag feidhmiú idir Cé Bhréanainn, an Clochán, Caisleán Ghriaire agus Trá Lí, nach raibh seirbhís iompair phoiblí riamh iontu seacht lá na seachtaine go dtí seo.

Feabhsóidh an tseirbhís nua bus seo inrochtaineacht, rud a fhágfaidh go mbeidh rochtain níos éasca ag cónaitheoirí ar institiúidí oideachais, ar ghníomhaíochtaí sóisialta agus ar sheirbhísí riachtanacha i dTrá Lí. Dá réir sin, trí Thrá Lí leis a nascadh leis an gCladach Thuaidh, taispeánfar radhairc chois farraige iontacha agus beidh fáil ag níos mó daoine ar nithe áitiúla ar díol spéise iad, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca do chónaitheoirí agus do chuairteoirí araon breathnú ar an áilleacht nádúrtha agus leas a bhaint as na deiseanna áineasa atá ar fáil sa Chladach Thuaidh agus taitneamh a bhaint astu.

“Trí nascacht a fheabhsú, tá an ÚNI i gcomhpháirtíocht le Nasc Áitiúil TFI Chiarraí ag cur taisteal inbhuanaithe chun cinn agus ag cur go mór leis an ngeilleagair áitiúil”.

Tuilleadh

Chun faisnéis a fhail maidir le bealaí nó amchláir,tabhair cuairt ar www.locallinkkerry.ie

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Phlean Soghluaisteachta Tuaithe cúig bliana Connecting Ireland tabhair cuairt ar: www.nationaltransport.ie/connecting-ireland/