Tá daoine cumasacha, díograiseacha á lorg againn

Eagraíocht dhinimiciúil atá ag fás go tapa is ea an tÚdarás Náisiúnta Iompair.

11 June 2024

Eagraíocht dhinimiciúil atá ag fás go tapa is ea an tÚdarás Náisiúnta Iompair. Táimid i mbun roinnt mórthionscadail iontacha a chur chun feidhme faoi láthair. Ina measc sin tá an clár BusConnects, MetroLink, DART+, seirbhísí nua iompair phoiblí, chomh maith leis an teicneolaíocht a thacaíonn leis an gCárta Leap, Faisnéis Fíor-Ama do Phaisinéirí agus an t-aistriú chuig íocaíochtaí gan airgead tirim le haghaidh seirbhísí.

Is eagraíocht chuimsitheach é ÚNI a chuireann réimse leathan buntáistí ar fáil d’fhostaithe amhail polasaithe a thacaíonn leis an bhfoireann cothromaíocht a fháil idir a saol baile agus a gcuid oibre. Tá daoine cumasacha, spreagtha, díograiseacha á n-earcú againn faoi láthair do na poist seo a leanas:

  • Ceannasaí Rialachais – Príomhoifigeach Riosca
  • Bainisteoir Imeasctha Iompair Phoiblí
  • Bainisteoir Rialaithe Costas BusConnects
  • Anailíseoir Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta
  • Bainisteoir Tionscadail – Iarnród
  • Bainisteoir Tionscadail
  • Innealtóir Tacaíochta Feidhmchlár
  • Feidhmeannach Saoráidí Sinsearach
  • Comhordaitheoir Riaracháin Tacaíochta

Is féidir le hiarrthóirí rathúla a bheith ag súil le hobair dhúshlánach ach sásúil mar aon le deiseanna oiliúna agus forbartha den scoth.

Chun na leabhráin a íoslódáil, lena n-áirítear foirmeacha iarratais, agus chun tuilleadh eolais a fháil faoi na buntáistí dár bhfostaithe tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin https://www.nationaltransport.ie/about-us/careers/.

An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: 12pm meán lae Dé hAoine an 28 Meitheamh 2024.