Tá daoine cumasacha, díograiseacha á lorg againn

An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: 12pm meán lae Dé hAoine an 2 Lúnasa 2024.

12 July 2024

Tá daoine cumasacha, díograiseacha á lorg againn le dul lenár bhfoireann gairmithe tiomanta chun cuidiú le todhchaí an iompair phoiblí in Éirinn a mhúnlú agus a sholáthar.

Údaras Náisiúnta Iompair - ag earcu - roimh - 12in Dé hAoine an 2 Lúnasa 2024.
Eagraíocht dhinimiciúil atá ag fás go tapa is ea an tÚdarás Náisiúnta Iompair. Táimid i mbun roinnt mórthionscadail iontacha a chur chun feidhme faoi láthair. Ina measc sin tá an clár BusConnects, MetroLink, DART+, seirbhísí nua iompair phoiblí, chomh maith leis an teicneolaíocht a thacaíonn leis an gCárta Leap, Faisnéis Fíor-Ama do Phaisinéirí agus an t-aistriú chuig íocaíochtaí gan airgead tirim le haghaidh seirbhísí.
Is eagraíocht chuimsitheach é ÚNI a chuireann réimse leathan buntáistí ar fáil d’fhostaithe amhail polasaithe a thacaíonn leis an bhfoireann cothromaíocht a fháil idir a saol baile agus a gcuid oibre. Tá daoine cumasacha, spreagtha, díograiseacha á n-earcú againn faoi láthair do na poist seo a leanas:

  • Bainisteoir Sinsearach Talún agus Réadmhaoine
  • Bainisteoir Ceadúnaithe Tiománaithe BFSP
  • Oifigeach Comhlíonta agus Riosca
  • Innealtóir Tacaíochta Conarthaí
  • Bainisteoir Tionscadail um Rialáil Iompair
  • Bainisteoir Tionscadail
  • Bainisteoir Díoltóirí
  • Cuntasóir Airgeadais Sinsearach
  • Ceannasaí Foirne um Sheachadadh Seirbhísí
  • Ceannaire Oibríochtaí Teicniúla
  • Innealtóir Tástála
  • Pleanálaí Iompair
  • Oifigeach Sinsearach um Eispéiris Custaiméirí
  • Oifigeach Feidhmiúcháin Rialáil Iompair

Is féidir le hiarrthóirí rathúla a bheith ag súil le hobair dhúshlánach ach sásúil mar aon le deiseanna oiliúna agus forbartha den scoth.

An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: 12pm meán lae Dé hAoine an 2 Lúnasa 2024.
Chun na leabhráin a íoslódáil, lena n-áirítear foirmeacha iarratais, agus chun tuilleadh eolais a fháil faoi na buntáistí dár bhfostaithe tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin.