Táimid ag lorg daoine cumasacha díograiseacha chun dul isteach inár bhfoireann de dhaoine proifisiúnta tiomanta chun tionchar a imirt ar thodhchaí iompar poiblí na hÉireann agus an todhchaí sin a sheachadadh.
Is eagraíocht ardghluaiseacht shíorathraitheach atá ag dul i méid í an tÚdarás Náisiúnta Iompair. Táimid páirteach faoi láthair i gcur chun feidhme roinnt tionscadal móra lena n-airítear an Clár BusConnects, MetroLink, DART+, seirbhísí iompar poiblí nua, chomh maith le teicneolaíocht a thacaíonn le Cárta Leap, Eolas Fíor-ama do Phaisinéirí agus an t-athrú chuig íocaíochtaí gan airgead tirim le haghaidh seirbhísí.
Is eagraíocht uileghabhálach í an ÚNI a chuireann réimse leathan sochar fostaíochta ar fáil, mar shampla polasaithe a thugann tacaíocht don fhoireann maidir le cothromaíocht oibre is saoil.
Táimid ag earcú
Táimid ag earcú daoine cumasacha, tiomanta agus díograiseacha do na poist seo a leanas:
- Ceannasaí Seirbhísí Corparáideacha
- Ceannasaí um Infheistíocht maidir le hIompar Gníomhach agus Inbhuanaithe
- Bainisteoir Forbartha Bogearraí
- Úinéir Táirge Aipeanna Móibíleacha
- Bainisteoir Tionscadail
- Anailísí um Rialáil Iompair Phoiblí
Tá obair dhúshlánach ach tairbheach roimh iarrthóirí rathúla, chomh maith le traenáil den scoth agus deiseanna forbartha.
Gairmeacha
Chun na leabhráin a íoslódáil, foirmeacha iarratais san áireamh, agus chun tuilleadh a fhoghlaim faoinár sochair fostaíochta, téigh go dtí ár suíomh gréasáin https://www.nationaltransport.ie/about-us/careers/.
Dáta deiridh chun iarratais a fháil: 12pm Dé hAoine an 4 Aibreán 2025.