Is eagraíocht ardghluaiseacht shíorathraitheach atá ag dul i méid í an tÚdarás Náisiúnta Iompair. Táimid páirteach faoi láthair i gcur chun feidhme roinnt tionscadal móra lena n-airítear an Clár BusConnects, MetroLink, DART+, seirbhísí iompar poiblí nua, chomh maith le teicneolaíocht a thacaíonn le Cárta Leap, Eolas Fíor-ama do Phaisinéirí agus an t-athrú chuig íocaíochtaí gan airgead tirim le haghaidh seirbhísí.
Is eagraíocht uileghabhálach í an ÚNI a chuireann réimse leathan sochar fostaíochta ar fáil, mar shampla polasaithe a thugann tacaíocht don fhoireann maidir le cothromaíocht oibre is saoil. Táimid ag earcú daoine cumasacha, tiomanta agus díograiseacha do na poist seo a leanas:
- Ailtire ÉG
- Dlíodóir Tráchtála
- Bainisteoir Airgeadais – Rialú Airgeadais
- Bainisteoir Sinsearach Tionscadail – Iarnród
- Anailíseoir Sonraí IG
- Bainisteoir Rialú Costais BusConnects
- Bainisteoir Tionscadail
- Innealtóir Flíteanna Iompair
- Cuntasóir Airgeadais
- Feidhmeannach Sinsearach AD
- Oifigeach Sinsearach um Thaisteal Níos Cliste
- Oifigeach Feidhmiúcháin Airgeadais
Tá obair dhúshlánach ach tairbheach roimh iarrthóirí rathúla, chomh maith le traenáil den scoth agus deiseanna forbartha.
Chun na leabhráin a íoslódáil, foirmeacha iarratais san áireamh, agus chun tuilleadh a fhoghlaim faoinár sochair fostaíochta, téigh go dtí ár suíomh gréasáin: Gairmeacha – National Transport
Dáta deiridh chun iarratais a fháil: 12pm Dé hAoine 1 Samhain 2024.