Táimid ag lorg daoine cumasacha díograiseacha chun dul isteach inár bhfoireann

chun tionchar a imirt ar thodhchaí iompar poiblí na hÉireann agus an todhchaí sin a sheachadadh

31 January 2025

Táimid ag lorg daoine cumasacha díograiseacha chun dul isteach inár bhfoireann de dhaoine proifisiúnta tiomanta chun tionchar a imirt ar thodhchaí iompar poiblí na hÉireann agus an todhchaí sin a sheachadadh.

Is eagraíocht ardghluaiseacht shíorathraitheach atá ag dul i méid í an tÚdarás Náisiúnta Iompair. Táimid páirteach faoi láthair i gcur chun feidhme roinnt tionscadal móra lena n-airítear an Clár BusConnects, MetroLink, DART+, seirbhísí iompar poiblí nua, chomh maith le teicneolaíocht a thacaíonn le Cárta Leap, Eolas Fíor-ama do Phaisinéirí agus an t-athrú chuig íocaíochtaí gan airgead tirim le haghaidh seirbhísí.

*** Nílimid ag earcú anois ***

Is eagraíocht uileghabhálach í an ÚNI a chuireann réimse leathan sochar fostaíochta ar fáil, mar shampla polasaithe a thugann tacaíocht don fhoireann maidir le cothromaíocht oibre is saoil. Táimid ag earcú daoine cumasacha, tiomanta agus díograiseacha do na poist seo a leanas:

  • Ceannasaí Éirime Gnó agus Anailísíochta Sonraí
  • Bainisteoir Rialú Costais BusConnects
  • Cuntasóir Airgeadais
  • Bainisteoir Díoltóirí
  • Feidhmeannach Tacaíochta Conarthaí
  • Feidhmeannach Sinsearach AD

Tá obair dhúshlánach ach tairbheach roimh iarrthóirí rathúla, chomh maith le traenáil den scoth agus deiseanna forbartha.

Chun na leabhráin a íoslódáil, foirmeacha iarratais san áireamh, agus chun tuilleadh a fhoghlaim faoinár sochair fostaíochta, téigh go dtí ár suíomh gréasáin Gairmeacha – National Transport.

Dáta deiridh chun iarratais a fháil: 12pm Dé hAoine, an 21 Feabhra 2025.