Tá Clár Caipitil Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath foroinnte ina cheithre fhochlár: Is iad sin:
- Fochlár Iarnróid Throm
- Fochlár Iarnróid Éadroim
- BusConnects
- Fochlár um Chomhtháthú, Bearta Iompair Inbhuanaithe agus Tacaíocht
Tá an clár infheistíochta Iarnróid Throm comhdhéanta de chistiú d’Iarnród Éireann i dtaca le tionscadail éagsúla iarnróid. Is féidir amharc ar shonraí de na tionscadail éagsúla iarnróid throm atá ar bun ar a shuíomh Gréasáin.
Tugann an Fochlár Iarnróid Éadroim cistiú do Bhonneagar Iompair Éireann le haghaidh tionscadail Luas a fhorbairt. Is féidir amharc ar shonraí de na tionscadail éagsúla iarnróid éadroim atá faoi shainchúram Bhonneagar Iompair Éireann ar a shuíomh Gréasáin.
Seo iad cuid de mhórthionscadail leanúnacha an Údaráis.
Doiciméid Bheartais
D’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair roinnt doiciméad treorach chun cabhrú le bainistíocht a chláir chaipitil. Is iad sin:
- Treoirlínte maidir le Caiteachas Incháilithe le haghaidh Tionscadail arna gcistiú ag an Údarás Náisiúnta Iompair
- Treoirlínte maidir le Tionscadail Infheistíochta Iompair Phoiblí arna gcur i gcrích ag Gnáthsholáthar a Bhainistiú
- Treoirlínte maidir le Tionscadail Infheistíochta Iompair Phoiblí arna gcur i gcrích ag Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí a Bhainistiú
- Treoirlínte Bainistíochta Tionscadal maidir le Tionscadail arna gcistiú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (dar luach uasta €20 milliún)
- Treoirlínte Bainistíochta Costas maidir le Tionscadail Infheistíochta Iompair Phoiblí