Soláthraítear leis na modúil bhreithmheasa sraith iomlán uirlisí breithmheasa atá ar aon dul leis an treoir náisiúnta. Bíonn idirghníomhaíocht ann idir na modúil agus an Córas um Shamhaltú Réigiúnach chun na sonraí a theastaíonn chun scéimeanna, beartais agus straitéisí a bhreithmheas a asbhaint.
Breithmheas Comhshaoil
Leis an Uirlis Breithmheasa Comhshaoil, baintear leas as Cube Voyager agus as ENEVAL (Samhail Meastóireachta Comhshaoil) chun an tionchar a bheidh ag an iompar ar an gcomhshaol a mheas sna réimsí seo a leanas:
- Astaíochtaí thruailleáin cháilíocht an aeir
- Astaíochtaí gás ceaptha teasa
Is féidir amharc ar an Tuarascáil Sonraíochta Comhshaoil trí chóip den tuarascáil a iarraidh ó ntamodel@nationaltransport.ie.
Fíor: Astaíochtaí Bliantúla CO2 (kg) i Samhail Réigiúnach an Oirthir
Legend | Eochair eolais |
Breithmheas Sábháilteachta
Leis an Uirlis Sábháilteachta, déantar anailís ar an tionchar atá ag timpistí bóthair do scéimeanna iompair. Tá an próiseas bunaithe ar bhogearraí nuashonraithe COBALT, atá in úsáid ag Bonneagar Iompair Éireann. Tá an breithmheas sábháilteachta bunaithe ar chomparáid a dhéanamh idir an líon timpistí ar an ngréasán iompair de réir déine agus na costais lena mbaineann, áit a n-úsáidtear cás inar cuireadh scéim i bhfeidhm agus cás nár cuireadh scéim i bhfeidhm ann. Is iad na hionchuir sa phróiseas ná saintréithe samhaltaithe an ghréasáin bhóithre amhail cineál naisc, fad bóthair, luasteorainneacha, rátaí agus costais timpiste agus méideanna samhaltaithe réamh-mheasta tráchta.
Is féidir amharc ar an Tuarascáil Sonraíochta Sábháilteachta trí chóip den tuarascáil a iarraidh ó ntamodel@nationaltransport.ie.
Tástáil Bailíochtaithe: Básanna Bliantúla ar na Bóithre
Average Annual Fatalities by Regional Model | Meánbhásanna Bliantúla de réir na Samhla Réigiúnaí |
ERM | Samhail Réigiúnach an Oirthir |
WRM | Samhail Réigiúnach an Iarthair |
SERM | Samhail Réigiúnach an Oirdheiscirt |
SWRM | Samhail Réigiúnach an Iardheiscirt |
MWRM | Samhail Réigiúnach an Iarthair Láir |
RMS | Córas um Shamhaltú Réigiúnach |
RSA Observed | Arna mbreathnú ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre |
Average Annual Road Fatalities | Meánbhásanna Bliantúla ar na Bóithre |
Breithmheas Sláinte
Is é atá i gceist leis an Uirlis Breithmheasa Sláinte ná bonn a thabhairt trínar féidir ríomh a dhéanamh ar na tairbhí a bhaineann le hathruithe ar leibhéil ghníomhaíochta fisiciúla agus ar leibhéil neamhláithreachta mar thoradh ar mhéadú ar ghníomhaíocht siúil agus rothaíochta. Is í an Uirlis Breithmheasa Sláinte agus Eacnamaíoch ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an bonn don mhodúl sláinte. Ríomhtar leis an modúl na tairbhí sláinte a bhaineann le hathruithe ar ghníomhaíocht fhisiciúil mar thoradh ar athruithe i ngníomhaíocht siúil agus rothaíochta.
Is féidir amharc ar an Tuarascáil Sonraíochta Sláinte trí chóip den tuarascáil a iarraidh ó ntamodel@nationaltransport.ie.
Breithmheas Eacnamaíoch
Leis an Uirlis Breithmheasa Eacnamaíoch, úsáidtear bogearraí TUBA chun Breithmheas Costais is Tairbhe a dhéanamh i gcomhréir leis an treoir agus na paraiméadair ón Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.
Is iad seo a leanas na príomh-aschuir as an modúl Breithmheasa Eacnamaíoch:
- Costais agus tairbhí ar bhonn Earnáil go hEarnáil
- Cóimheas idir Tairbhí agus Costais
- Tairbhí airgeadais na scéime ar feadh tréimhse 30 bliain.
- Breithmheas Inrochtaineachta agus Cuimsithe Shóisialta
Is féidir amharc ar an Tuarascáil Sonraíochta Eacnamaíche trí chóip den tuarascáil a iarraidh ó ntamodel@nationaltransport.ie.
Breithmheas Inrochtaineachta agus Cuimsithe Shóisialta
Úsáidtear trí thomhas san Uirlis Breithmheasa Inrochtaineachta agus Cuimsithe Shóisialta chun athruithe inrochtaineachta agus cuimsithe shóisialta a mheas, bunaithe ar chás inar cuireadh scéim i bhfeidhm agus ar chás nár cuireadh scéim i bhfeidhm ann. Is iad seo a leanas na tomhais sin: Tomhas Ama Taistil; Tomhas Simplí Hansen don mheasúnú Inrochtaineachta; agus Táscaire Ioncambhunaithe Geografach Tairbhí Úsáideora don mheasúnú Cuimsithe Shóisialta.
Is féidir amharc ar an Tuarascáil Sonraíochta Inrochtaineachta trí chóip den tuarascáil a iarraidh ó ntamodel@nationaltransport.ie.
Fíor: Amanna siúil chuig Bunscoileanna i mBaile Átha Cliath
Legend | Eochair eolais |
Origin Zone | Crios Bunaidh |
Travel Times | Amanna Taistil |
Travel Time | Am Taistil |
< 5 min | < 5 nóiméad |
5 – 10 min | 5 – 10 nóiméad |
10 – 15 min | 10 – 15 nóiméad |
15 – 20 min | 15 – 20 nóiméad |
20 – 25 min | 20 – 25 nóiméad |
25 – 30 min | 25 – 30 nóiméad |
20 – 35 min | 30 – 35 nóiméad |
35 – 40 min | 35 – 40 nóiméad |
40 – 45 min | 40 – 45 nóiméad |
45 – 50 min | 45 – 50 nóiméad |
50 – 55 min | 50 – 55 nóiméad |
55 – 60 min | 55 – 60 nóiméad |
>60 min | > 60 nóiméad |
EDU_PRI | OID_BUN |
Primary Schools | Bunscoileanna |