Is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair (an tÚdarás) an t-údarás iompair do Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath agus an ghníomhaireacht ceadúnúcháin iompair phoiblí d’Éirinn.
Is é an bhrí atá leis sin ná go bhfuil baint ag an Údarás le seirbhísí iompair phoiblí a sholáthar agus a chonrú, lena n-áirítear:
- Conarthaí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí – Iarnród Éireann Irish Rail, Dublin Bus, Go-Ahead Ireland, Bus Éireann.
- Fochonraitheoireacht leis an tseirbhís Luas, rud a gconraíonn Bonneagar Iompair Éireann (TII) é thar ár gceann.
Chomh maith leis sin, is é an tÚdarás an t-údarás ceadúnúcháin do sheirbhísí bus tráchtála agus don tionscal beagfheithicle seirbhíse poiblí – tacsaithe, fruilchairr agus limisíní.
Ós rud é nach bhfuil baint ag an Údarás le gnáthoibríochtaí laethúla na seirbhísí sin, molaimid d’úsáideoirí dul i dteagmháil leis na hoibritheoirí sin go díreach má bhíonn aon cheisteanna acu maidir lena seirbhísí.