I mí an Mhárta 2018, chuaigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair isteach i gconradh le JJ Kavanagh & Sons Limited le haghaidh seirbhís bus phoiblí Bhealach 139 a sholáthar.
Seoltar an bealach bus seo idir Baile Bhlainséir agus an Nás, agus tá stadanna aige sna háiteanna seo:
- Ongar
- Léim an Bhradáin
- Maigh Nuad
- Ráth Chofaigh
- Claonadh
- Na Solláin
Leagtar amach sa chonradh Oibleagáide Seirbhíse Poiblí na ceanglais feidhmíochta nach mór do JJ Kavanagh & Sons Limited a chomhlíonadh i gcomaoin fóirdheontas poiblí a fháil mar íocaíocht. Coinnítear cuid den íocaíocht sin siar gach mí agus ní íocfar í ach amháin i gcás go gcomhlíonfaidh JJ Kavanagh & Sons Limited na spriocanna feidhmíochta.
Conradh agus Sceidil:
Foráiltear leis an gconradh d’aon athruithe seirbhíse a leagtar amach i Sceideal 1 a ghabhann leis an gConradh a bheith á gceadú ag an Údarás.
Déanann an tÚdarás athbhreithniú ar fheidhmíocht JJ Kavanagh & Sons Limited ar bhonn ráithiúil.
Tuarascálacha ar Fheidhmíocht
Ceanglaítear ar JJ Kavanagh & Sons Limited tuairisc a thabhairt ar bhonn ráithiúil ar a fheidhmíocht i gcomparáid leis na spriocanna a leagtar amach sna conarthaí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí.
Tuarascálacha Ráithiúla ar Fheidhmíocht, 2019
- R1 2019 – Tuarascáil ar Fheidhmíocht ó JJ Kavanagh & Sons
- R2 2019 – Tuarascáil ar Fheidhmíocht ó JJ Kavanagh & Sons
Tuarascálacha Ráithiúla ar Fheidhmíocht, 2018
- R3 2018 – Tuarascáil ar Fheidhmíocht ó JJ Kavanagh & Sons
- R4 2018 – Tuarascáil ar Fheidhmíocht ó JJ Kavanagh & Sons