I mí Eanáir 2018, chuaigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair isteach i gconradh le Bernard Kavanagh & Sons Limited le haghaidh seirbhís bus phoiblí Bhealach 817 a sholáthar.
Seoltar an bealach bus seo idir Baile Átha Cliath agus Cill Chainnigh, agus tá stadanna aige sna háiteanna seo:
- Cé Sheoirse
- Stáisiún Heuston
- Crois an Fhearainn Nua
- An Nás
- Cill Uasaille
- Carn Almhaí
- Cill Chuillinn
- Baile Sonnáin
- Cill Míde
- Baile Átha Í
- Baile Uí Laigheanáin
- Crois an Bhaile Nua
Leagtar amach sa chonradh Oibleagáide Seirbhíse Poiblí na ceanglais feidhmíochta nach mór do Bernard Kavanagh & Sons a chomhlíonadh i gcomaoin fóirdheontas poiblí a fháil mar íocaíocht. Coinnítear cuid den íocaíocht sin siar gach mí agus ní íocfar í ach amháin i gcás go gcomhlíonfaidh Bernard Kavanagh & Sons na spriocanna feidhmíochta.
Conradh agus Sceidil:
Foráiltear leis an gconradh d’aon athruithe seirbhíse a leagtar amach i Sceideal 1 a ghabhann leis an gConradh a bheith á gceadú ag an Údarás.
Déanann an tÚdarás athbhreithniú ar fheidhmíocht Bernard Kavanagh & Sons Limited ar bhonn ráithiúil.