I mí na Samhna 2019, chuaigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair isteach i gconradh le Go-Ahead Ireland le haghaidh seirbhís bus phoiblí Bhealach 197 a sholáthar.
Seolann an bealach bus seo seirbhísí fillte idir Sord agus Cill Dhéagláin, agus tá stadanna aige sna háiteanna seo:
- Sord
- Bóthar Ráth Béil
- Baile an Rólaigh (tar éis dhá stad nua a thógáil)
- Cloch na Naoi Míle
- Cill Dhéagláin
Leagtar amach sa chonradh Oibleagáide Seirbhíse Poiblí na ceanglais feidhmíochta nach mór do Go-Ahead Ireland a chomhlíonadh i gcomaoin fóirdheontas poiblí a fháil mar íocaíocht. Coinnítear cuid den íocaíocht sin siar gach mí agus ní íocfar í ach amháin i gcás go gcomhlíonfaidh Go-Ahead Ireland na spriocanna feidhmíochta.
Conradh agus Sceidil:
Foráiltear leis an gconradh d’aon athruithe seirbhíse a leagtar amach i Sceideal 1 a ghabhann leis an gConradh a bheith á gceadú ag an Údarás.
Déanann an tÚdarás athbhreithniú ar fheidhmíocht Go-Ahead Ireland ar bhonn ráithiúil.