Chuaigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (an tÚdarás) isteach i gConradh Oibleagáide Seirbhíse Poiblí le hIarnród Éireann le haghaidh seirbhísí iarnróid do phaisinéirí a sholáthar in Éirinn. Déanaimid athbhreithniú ar fheidhmíocht Iarnród Éireann chuige sin agus foilsímid tuarascálacha ráithiúla ar fheidhmíocht.
Conarthaí
Chuaigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair isteach i gconradh Oibleagáide Seirbhíse Poiblí le hIarnród Éireann le haghaidh seirbhísí iarnróid do phaisinéirí a sholáthar in Éirinn.
Leagtar amach sa chonradh na ceanglais feidhmíochta nach mór d’Iarnród Éireann a chomhlíonadh i gcomaoin fóirdheontas poiblí a fháil mar íocaíocht. Coinnítear cuid den íocaíocht fóirdheontais sin siar agus ní íocfar í ach amháin i gcás go gcomhlíonfaidh Iarnród Éireann na spriocanna feidhmíochta. Tá an conradh reatha le hIarnród Éireann ar fáil thíos.
Tá an conradh bunaidh agus na sceidil bhunaidh ar fáil anseo:
- NTA agus Iarnród Éireann – Conradh Seirbhísí Poiblí ó 2010 go 2019
- Sceidil Chonartha Iarnród Éireann
Conarthaí Roimhe
Le héifeacht ón 1 Nollaig 2012, leasaigh an tÚdarás forálacha áirithe den Chonradh, leasaigh sé Sceideal D agus chuir sé Sceideal E nua isteach.
Tá an conradh roinnte sna ranna seo a leanas:
- Conradh
- Sceideal A – Seirbhísí agus Leibhéil Seirbhísí atá le Soláthar ag an Oibritheoir
- Sceideal B – Oibleagáidí Feidhmíochta
- Sceideal C – Ceanglais Tuairiscithe
- Sceideal D – Cúiteamh
- Sceideal E – Creat-chomhaontú Deontas
Leasaigh an tÚdarás na hoibleagáidí feidhmíochta (Sceideal B) roimhe sin agus tá na ceanglais reatha ar fáil anseo.
Foráiltear leis an gconradh d’aon athruithe seirbhíse a leagtar amach i Sceideal A a ghabhann leis an gconradh a bheith á gceadú ag an Údarás. Tá an leagan reatha de Sceideal A ar fáil anseo.
Ceanglaítear ar Iarnród Éireann tuairisc a thabhairt ar bhonn ráithiúil ar a fheidhmíocht i gcomparáid leis na spriocanna a leagtar amach sa Chonradh Oibleagáide Seirbhíse Poiblí.