Éire a Nascadh Céim 2

Is tionscnamh de chuid an ÚNI é an Plean Soghluaisteachta Tuaithe Éire a Nascadh (an Plean) chun nascacht agus soghluaisteacht i gceantair thuaithe a fheabhsú trí sheirbhísí iompair phoiblí nua agus feabhsaithe a fhorbairt.

Is athbhreithniú í an tuarascáil seo ar chur i bhfeidhm Chéim 2 den Phlean Éire a Nascadh (CI) in 2023. Déanann an tuarascáil seo achoimre ar chuspóirí agus sainmhínithe an Phlean, lena n-áirítear buaicphointí achoimre ar na seirbhísí nua agus feabhsaithe, athbhreithniú ar leibhéil pátrúnachta ar sheirbhísí Éire a Nascadh le linn 2023 agus súil chun cinn ar a bhfuil beartaithe don chéad chéim eile.

I gCéim 2, tugadh isteach seasca cúig sheirbhís nua agus feabhsaithe bus tríd an bPlean Éire a Nascadh. Cuireadh breis agus 120,000 ciliméadar feithicle seachtainiúil leis an ngréasán iompair phoiblí trí 24 seirbhís úrnua agus 41 feabhsú minicíochta lena n-áirítear roinnt síntí bealaigh. Mar thoradh air sin tá 190 baile agus sráidbhaile nua ceangailte le Líonra Iompair Phoiblí TFI.

Taifeadadh 4.7 milliún turas paisinéara ar bhealaí de chuid Éire a Nascadh in 20231, agus taifeadadh breis agus 800,000 turas paisinéara ón dáta a tugadh isteach feabhsuithe. Tá méadú fós ar phátrúnacht ar sheirbhísí Éire a Nascadh. I gcomparáid le figiúirí pátrúnachta in 2019, tháinig fás pátrúnachta 110% faoi dheireadh na bliana 20231ar sheirbhísí feabhsaithe faoin bPlean Éire a Nascadh. Áit ar cuireadh seirbhísí Éire a Nascadh i bhfeidhm tá méadú 70% tagtha ar an bpátrúnacht ó 2022 go 2023.

Is plean ilchéime é an Plean Éire a Nascadh a bhfuil Céim 3 ar bun in 2024