Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais 2023

Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais an Údaráis Náisiúnta Iompair don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2023

D’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair a Thuarascáil Bhliantúil agus a Ráitis Airgeadais don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2023. Bliain thar a bheith gnóthach eile a bhí ann don Údarás agus an líon is airde daoine ag baint úsáide as iompar poiblí in Éirinn. Ina theannta sin, cuireadh tús le mórthionscadail, pleananna agus tionscnaimh agus cuireadh chun cinn iad agus críochnaíodh iad i rith na bliana:

  • Leanadh ar aghaidh lenár n-athdhearadh líonra bus in 2023. Seachadadh dhá fhochéim, céimeanna 5a agus 5b d’athdhearadh líonra BusConnects Bhaile Átha Cliath. Ina theannta sin, seoladh dhá sheirbhís bus baile nua i gCeatharlach agus i gCluain Meala. Críochnaíodh agus foilsíodh Athdhearadh Líonra BusConnects do Luimneach agus do Ghaillimh in 2023 agus cuireadh tús le hobair ar phlean forfheidhmithe do na líonraí nua sa dá chathair.
  • Coinníodh an laghdú 20% ar tháillí do sheirbhísí a oibrítear faoin Oibleagáid Seirbhíse Poiblí (OSP) in 2023. Sheolamar an Straitéis Náisiúnta Táillí i rith na bliana freisin, rud a thabharfaidh táillí níos cothroime agus níos córa ar fud an líonra OSP.
  • I rith na bliana, cuireadh tús leis an gcéad seirbhís bus lánleictreach i mBaile Átha Luain. Chonaiceamar freisin an chéad tráinse de bhusanna leictreacha dhá urlár ag dul i mbun seirbhíse i mBaile Átha Cliath.
  • Leanadh ar aghaidh leis an obair ar ordú Flít DART+ d’ilaonaid leictreacha ceallraí (BEMU) agus táthar ag súil leis na chéad seachadtaí go déanach in 2024/ go luath in 2025.
  • In 2023, leithdháileadh €341 milliún ar thionscadail taistil ghníomhacha ar fud an stáit. Ba iad cuid de na mórscéimeanna taistil ghníomhaigh a cuireadh i gcrích ná Droichead na mBradán i nGaillimh agus nasc coisithe agus rothar Pháirc Ghleann na Trá Móire i gCorcaigh.
  • In 2023, bhronnamar an conradh do chóras AVL na Chéad Ghlúine Eile (Aimsiú Feithicle Uathoibríoch).
  • Leanadh ar aghaidh leis an bpróiseas soláthair do Thicéadú na Chéad Ghlúine Eile (TCGE) in 2023 agus tugadh an comórtas soláthair chun críche go luath in 2024.
  • In 2023, sheolamar an Scéim Phíolótach Hacnaí Áitiúil a bhfuil sé mar aidhm aici cabhrú le seirbhísí hacnaí páirtaimseartha áitiúla a sholáthar i gceantair thuaithe ainmnithe nach féidir leo tacú le hoibríocht lánaimseartha tacsaí nó hacnaí. Ina theannta sin, tá líon iomlán na gceadúnas tiomána SPSV beagnach tar éis teacht ar ais go leibhéil 2019.
  • In 2023, d’aontaigh an tÚdarás Conarthaí Dírdhámhachtana nua do Bhus Átha Cliath agus do Bhus Éireann ó dheireadh 2024 agus cuirfear tús leo sin i mí na Nollag 2024.
  • Gheall an tÚdarás freisin go méadófaí an céatadán de sheirbhísí fóirdheonaithe bus a oibríodh tar éis tairiscint iomaíoch suas go dtí 2029.

Tuilleadh Eolais

Is féidir leat teacht ar an Tuarascáil Bhliantúil seo mar aon le tuarascálacha bliantúla roimhe seo, lena n-áirítear Tuarascáil Bhliantúil an ÚNI agus Ráitis Airgeadais 2022 sa chuid foilseachán ar ár suíomh gréasáin.

File type
File size
-