Comhpháirtithe de chuid Chlár na nÁiteanna Oibre Taistil Níos Cliste

Tá Taisteal Níos Cliste TFI ag obair i gcomhpháirt le raon Eagraíochtaí móra san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon chun Pleananna Taistil don Áit Oibre a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Is féidir leat liosta de na comhpháirtithe reatha de chuid an chláir a fheiceáil ag bun an leathanaigh seo.

Chun a éirí ina gComhpháirtí de chuid an chláir agus chun leas a bhaint as acmhainní an chláir saor in aisce, cuireann eagraíochtaí a n-ainm le Cairt lena léirítear a dtiomantas do phleanáil taistil don áit oibre trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Suirbhéireacht a dhéanamh ar fhostaithe maidir lena nósanna comaitéireachta;
  • Fostaithe a spreagadh iompar níos inbhuanaithe a úsáid;
  • Forbairt agus cur chun feidhme a dhéanamh ar phlean gníomhaíochta um thionscnaimh thaistil inbhuanaithe;
  • Tacú leis an bpearsanra an plean gníomhaíochta a chur chun feidhme;
  • Acmhainní airgeadais agus acmhainní eile a leithdháileadh chun tacú le tionscnaimh; agus
  • Faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht an phlean gníomhaíochta.

Sannfar Sainchomhairleoir ainmnithe Taistil Níos Cliste do d’eagraíocht. Tacóidh agus cabhróidh an duine sin le d’eagraíocht na bearta uile atá leagtha amach thuas a chur i gcrích.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoinár bPacáiste do Chomhpháirtithe, tabhair cuairt ar ‘Taisteal Níos Cliste TFI – An Pacáiste do Chomhpháirtithe’.

UPMC Aut Even Hospital logo
Verizon logo
Version 1 logo
VHI Health & Wellbeing logo
Viatris logo
Vodafone logo
Waterford City & County Council logo
Westmeath County Council logo
William Fry logo