Is féidir le carr-roinnt le do chomhghleacaithe oibre, le do pháirtithe ranga nó le daoine a chónaíonn i ndlúthghaireacht duit a bheith ina modh éifeachtúil iompair inbhuanaithe. Tríd is tríd, tá carr-roinnt oiriúnach do láithreacha nach bhfuil ach beagán roghanna iompair phoiblí, siúil agus rothaíochta iontu.
Na Tairbhí a bhaineann le Carr-roinnt
Baineann tairbhí soiléire le carr-roinnt don eagraíocht agus do bhaill foirne agus/nó do mhic léinn, agus don phobal i gcoitinne fiú. Áirítear na nithe seo le roinnt de na tairbhí a bhaineann le carr-roinnt:
Na Tairbhí don Duine Aonair | Na Tairbhí don Eagraíocht |
Is féidir go laghdóidh sí costais taistil (má chomhroinntear iad) | Is féidir go laghdóidh sí costais agus go maolóidh sí fadhbanna páirceála carranna |
Is féidir go sábhálfaidh sí am (mar thoradh ar laghdú i bplódú tráchta) | Fágfaidh sí talamh saor le haghaidh úsáidí eile |
Is féidir go laghdóidh sí strus (comhroinntear ualach na tiomána) | Is féidir go méadóidh sí táirgiúlacht agus coinneáil |
Fulaingeoidh an fheithicil níos lú caithimh agus cuimilte (má úsáidtear carranna ar a seal) | Is féidir go leathnóidh sí an margadh féideartha earcaíochta |
Is féidir go laghdóidh sí an gá le dara carr | Is féidir go gcuirfidh sí líonraí sóisialta inmheánacha chun cinn |
Is féidir go soláthróidh sí roghanna eile taistil | Is féidir go gcuirfidh sí feabhas ar íomhá na heagraíochta |
Is féidir go neartóidh sí líonraí sóisialta | Is féidir go laghdóidh sí an plódú tráchta ar an láithreán agus timpeall an láithreáin le linn buaicthréimhsí |
Is rogha ‘níos glaise’ agus níos inbhuanaithe í |
Treoirlínte Carr-roinnte – Treoir Taistil Níos Cliste maidir le Scéim Carr-roinnte a Bhunú
Forbraíodh Treoir Taistil Níos Cliste maidir le Scéim Carr-roinnte a Bhunú chun cabhrú leat! Tá na treoirlínte sin dírithe ar gach gnólacht, eagraíocht phoiblí nó eagraíocht oideachais atá ag iarraidh scéim carr-roinnte a chur chun feidhme.
Sa treoir sin, míneofar duit na gníomhartha a theastaíonn a dhéanamh roimh scéim a bhunú, na tairbhí a bhaineann le carr-roinnt, agus na cúig chéim shimplí i leith carr-roinnte. Chomh maith leis sin, leagtar béim inti ar roinnt cás-staidéar ar chomhpháirtithe de chuid Thaisteal Níos Cliste TFI.