Ceadúnas Beagfheithiclí Seirbhíse Poiblí a Athnuachan

Sracfhéachaint ar cheadúnais bheagfheithiclí seirbhíse poiblí a athnuachan
Cineál Ceadúnais Aois* Séalú méadair Costas Athnuachana Bliantúla* (nuair is infheidhme) Costas Athnuachana Déanaí* (tar éis éaga)
Tacsaí Féach na rialacha aoise Is ea €150 €500
Tacsaí atá Oiriúnach do Chathaoir Rothaí Féach na rialacha aoise Is ea €75 €500
Fruilcharr Féach na rialacha aoise Ní hea €150 €500
Fruilcharr atá Oiriúnach do Chathaoir Rothaí Féach na rialacha aoise Ní hea €75 €500
Limisín Ceann ar bith Ní hea €150 €500
Fruilcharr Limistéir Áitiúil Faoi bhun 10 mbliana Ní hea €150 €500

* Bíonn éagsúlacht ann san aois, sa tréimhse athnuachana agus sna costais de réir an chineáil cheadúnais agus na staire ceadúnais roimhe – féach do dheimhniú ceadúnais feithicle reatha chun mionsonraí a fháil

Ceanglais ar Iarratasóirí:

Ní dheonaítear athnuachaintí ceadúnais feithicle BFSP ach amháin do dhaoine:

  1. A bhfuil a ngnóthaí cánach cothrom le dáta

Tá trí chéim i gceist le ceadúnas BFSP a athnuachan:

Céim 1 – Éag an Cheadúnais
I gcás go rachaidh do cheadúnas feithicle in éag, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh laistigh de 12 mhí óna dháta éaga ar a athsholáthar. Ní fhéadfar aon cheadúnas feithicle a chuaigh in éag breis agus 12 mhí ó shin a athsholáthar.
Eisceacht: ní fhéadfar ceadúnas fruilchairr limistéir áitiúil a athnuachan ná a athsholáthar tar éis trí bliana ó dháta bunaidh a chéad eisiúna.

Céim 2 – Na Doiciméid Riachtanacha
Déan cinnte de go bhfuil na doiciméid riachtanacha seo a leanas agat sula gcuirfidh tú Measúnú ar Athnuachan Cheadúnais na feithicle in áirithe:
Deimhniú bunaidh árachais in ainm an tsealbhóra ceadúnais ionchasaigh
Deimhniú Tástála Náisiúnta Gluaisteán a eisíodh laistigh de 90 lá ó dháta do choinne cigireachta

I gcás gurb amhlaidh gur modhnaíodh d’fheithicil ón gcigireacht dheireanach a rinneadh uirthi, beidh ort Tuarascáil Bhunúsach ón Measúnóir Teicniúil a fháil agus cóip den Tuarascáil a thabhairt leat chuig an Measúnú ar Athnuachan Cheadúnais.

Céim 3 – Do Mheasúnú a Chur in Áirithe
Cuir do Mheasúnú ar Athnuachan Cheadúnais in áirithe ach glao a chur ar 0818 064 000. Is é an sealbhóir ceadúnais an t-aon duine a fhéadfaidh an choinne a dhéanamh. Cuirfear ceisteanna slándála ar an nglaoiteoir chun aitheantas an ghlaoiteora a dheimhniú.

Féadfaidh tú coinne le haghaidh Measúnú ar Athnuachan Cheadúnais a chealú nó a athsceidealú gan táille a thabhú suas le dhá lá oibre roimh an gcoinne. I gcás go ndéanfaidh tú an choinne a chealú nó a athsceidealú ar an lá oibre díreach roimh an gcoinne, gearrfar táille chealúcháin dhéanaigh. Ní fhéadfaidh cigireacht ar cheadúnú feithicle a chealú ná a athsceidealú ar lá na coinne. I gcás nach dtabharfaidh tú an fheithicil leat le haghaidh cigireachta ag an am ceaptha, forghéillfear an táille iomlán.

Is cion coiriúil é oibriú gan ceadúnas feithicle reatha BFSP a bheith agat. Féadfar pionós atá suas le €5,000 a ghearradh as ciontú sa chion seo.